Tús dearfach do Ghrúpa na Sionainne á léiriú sa chéad tuarascáil bhliantúil – gach aonad gnó ag déanamh dul chun cinn
An Grúpa ag díriú ar fhás leanúnach, ath-infheistíocht shuntasach, éifeachtúlachtaí a bhaint amach agus costais a choimeád faoi smacht
Tá dul chun cinn maith déanta ag Grúpa na Sionainne cpt ar na príomhspriocanna a leagadh amach do 2014 agus tá an grúpa ag cur tús anois le clár chun aghaidh a thabhairt ar thearc-infheistíocht agus chun éifeachtúlachtaí costais a fheabhsú ar fud an ghrúpa, mar a léirítear sa chéad tuarascáil bhliantúil ón ngrúpa.
An tréimhse airgeadais ceithre mhí ó bhunú an Ghrúpa an 5 Meán Fómhair go dtí 31 Nollaig 2014 a chlúdaítear sa chéad tuarascáil. Bhí na ceithre aonad gnó straitéise sa Ghrúpa – Aerfort na Sionainne, Oidhreacht na Sionainne, Réadmhaoin Tráchtála na Sionainne agus Lárionad Seirbhísí Eitlíochta Idirnáisiúnta (IASC) – ag obair le chéile i rith 2014, áfach, sular bunaíodh an Grúpa go foirmiúil.
Thaifead an Grúpa, a fhostaíonn os cionn 600 duine san ardséasúr, láimhdeachas €21.1 milliún sa chéad cheithre mhí oibríochta agus thuairisc brabús iarchánach €600,000. Dúirt an Cathaoirleach, Rose Hynes, gur toradh sásúil é sin arna thabhairt gur tréimhse beagéilimh a bhí ann d’Aerfort na Sionainne agus d’Oidhreacht na Sionainne.
Dúirt an Cathaoirleach Hynes go bhfuil an Grúpa ag obair de réir phlean straitéiseach cúig bliana atá dírithe ar fhás ioncaim leanúnach, ar fhócas leanúnach ar nuálaíocht, ar bhonn costais inbhuanaithe a dhaingniú trí éifeachtúlachtaí agus ar fhás sa bhrabús a bhaint amach i ngach ceann de na ceithre aonad gnó ar leithligh. Cuimsítear clár infheistíochta caipitil uaillmhianach sa phlean freisin, lena chinntiú go mbeidh an Grúpa dírithe i gcónaí ar dheiseanna fáis a chur ar fáil, rud a bheidh ríthábhachtach chun iomaíochas ghnó an Ghrúpa a choinneáil.
“Trí bhrabúsacht agus fás inbhuanaithe a chruthú ar fud ár ngnóthaí agus trínár bplean straitéiseach cúig bliana a chur i bhfeidhm, in éineacht le fócas leanúnach ar nuálaíocht, táim muiníneach go mbeidh tionchar dearfach fadtéarmach ag Grúpa na Sionainne ar ár gcuid pobal agus ar chúrsaí eacnamaíochta na hÉireann,” a dúirt sí.
“Tá fócas leanúnach an Ghrúpa ar smacht a choimeád ar chostais agus an fheidhmíocht airgeadais a fheabhsú trí bhreis éifeachtúlachtaí. An aidhm atá againn ná múnla gnó níos inbhuanaithe agus níos láidre a bhunú agus ár mbrabúsacht ar fud an Ghrúpa a fheabhsú.”
Dúirt an Príomhfheidhmeannach, Neil Pakey, maidir le torthaí an Ghrúpa, “De réir mar a leanfaimid ar aghaidh ag cur leis an bhfuinneamh agus leis an méid a baineadh amach in 2014, creidim go gcuirfidh an comhcheangal idir ár gceithre aonad gnó straitéiseacha laistigh d’aon ghrúpa amháin deiseanna ar fáil chun tuilleadh comhoibrithe agus obair foirne a dhéanamh.
“Beidh sé tábhachtach leas a bhaint as an obair foirne sin agus sinn ag iarraidh a chur ar chumas Ghrúpa na Sionainne a lánacmhainneacht a bhaint amach agus a bheith ina chainéal tábhachtach chun fás a spreagadh ar fud an gheilleagair réigiúnaigh agus náisiúnta sna blianta amach romhainn. Tá sé ríthábhachtach go mbeidh gnóthaí an Ghrúpa iomaíoch i margadh na hEorpa. Ní mór go dtiocfaidh tuilleadh forbartha i mbliana ar an mórathrú chun feabhais atá á dhéanamh againn, le béim ar athrú, feabhsú leanúnach agus éifeachtúlachtaí níos fearr, agus ar a chinntiú go leanfaimid orainn ag cur bonn faoi inbhuanaitheacht Ghrúpa na Sionainne amach anseo.
“Trínár bplean straitéiseach cúig bliana a chruthú, tá léarscáil anois againn ar a dtógfaimid todhchaí spreagúil agus inbhuanaithe.”
Tháinig feabhas mór ar bhrabúsacht Aerfort na Sionainne don bhliain airgeadais iomlán 2014 nuair a bhí tuilleamh €4.6 milliún roimh ús, cánacha, dímheas agus amúchadh (EBITDA), sin ardú 34% ar 2013. Cuireadh tús freisin in 2014 le haghaidh a thabhairt ar an tearc-infheistíocht stairiúil in infreastruchtúr an aerfoirt le clár caiteachais chaipitil €4.4milliún don aerfort. I measc na dtograí a bhí i gceist leis sin bhí uasghrádú ar fhorleagan an rúidbhealaigh san aerfort, uasghrádú ar shábháilteacht dóiteáin, córas TF miondíola nua agus córas bainistithe tráchta nua.
Tháinig tuilleadh feabhais ar chúrsaí fáis san aerfort le hardú mór ar an líon paisinéirí (17%) agus feabhsúcháin ar nascacht don dara bliain as a chéile. Ba ar an trácht Eorpach a tháinig an fás ba mhó le hardú 70%. Lean an trácht tras-atlantach air ag déanamh go maith agus tháinig ardú 10% air. Tháinig ardú 5% ar an trácht chuig an Ríocht Aontaithe. Dea-scéal a bhí ann do phlean an Ghrúpa mol lastais a chruthú ag an aerfort nuair a d’fhógair Turkish Airlines an tseachtain seo go mbeidh a fhochuideachta, Turkish Cargo, ag cur tús le seirbhís dhíreach lánlastais as Aerfort na Sionainne go Meiriceá Thuaidh, an t-aon tseirbhís lánlastais a bheidh ann in Éirinn.
Cuireadh fáilte roimh Turkish Airlines ag Aerfort na Sionainne go luath i mí an Mhárta i mbliana nuair a thosaigh an aerlíne ag tuirlingt san aerfort chun athbhreoslú a dhéanamh. Reáchtálfaidh Turkish Airlines seirbhís sheachtainiúil nua as Aerfort na Sionainne go Chicago ar an Aoine, trína fhochuideachta lastais, Turkish Cargo, rud a chuirfidh tuilleadh roghanna ar fáil d’onnmhaireoirí na hÉireann, ó chuideachtaí ilnáisiúnta go dtí gnóthais bheaga agus mheánmhéide.
Bhí bliain mhaith freisin ag Oidhreacht na Sionainne, an gnó taitneamhachtaí cuairteoirí oidhreachta atá ag an gcuideachta. Tháinig ardú foriomlán 11% ar líon na gcuairteoirí chuig an iliomad taitneamhachtaí cuairteoirí agus ionaid siamsaíochta ar fud mór-réigiún Sionainne agus i mBaile Átha Cliath. Thaifead an chuideachta os cionn 637,000 cuairteoir in 2014, chomh maith le hardú os cionn 13% ar an líon iontrálacha chuig taitneamhachtaí cuairteoirí lae.
Thuairisc Oidhreacht na Sionainne láimhdeachas €11.9 milliún don bhliain airgeadais iomlán dar críoch 31 Nollaig 2014, sin ardú 7.6% ar an mbliain roimhe sin, agus léiriú ar an mbliain oibríochta is fearr ó 2007. Léiríonn na torthaí sin nasc soiléir leis an bhfás ar líon na bpaisinéirí ag Aerfort na Sionainne.
B’ionann brabús oibríochta Réadmhaoin Tráchtála na Sionainne ó ghníomhaíochtaí leanúnacha agus roimh lagú don bhliain iomlán airgeadais 2014 agus €0.6 milliún, i gcomparáid le caillteanas €1.6 milliún in 2013. Thug Réadmhaoin Tráchtála na Sionainne faoi athbhreithniú mionsonraithe freisin ar a phunann réadmhaoine agus chuir plean gnó ar bun chun an punann a fheabhsú, ag tosú leis an infheistíocht mhór a theastaíonn chun príomhlimistéir laistigh de Limistéar Neamhchustaim na Sionainne (SFZ) a athfhorbairt.
Tá aghaidh fós á tabhairt ag an nGrúpa ar an tearc-infheistíocht stairiúil ar infreastruchtúr Réadmhaoin Tráchtála na Sionainne. Nuair a fuair an Grúpa an punann réadmhaoine le hoidhreacht, bhí ráta íseal áitíochta sna foirgnimh, dúshlán a bhfuil an Grúpa ag obair go gníomhach lena réiteach. Beidh mar phríomhthionscnamh chun aghaidh a thabhairt air sin clár infheistíochta caipitil a chur i bhfeidhm sna blianta amach romhainn le go mbeidh réiteach ag an nGrúpa ar riachtanais réadmhaoine le haghaidh infheistíochta agus cruthú post agus feabhas ag teacht ar an ngeilleagar.
Bunaíodh IASC chun cur leis an líonra seirbhísí i Sionainn a bhaineann leis an eitlíocht d’fhonn an cnuasach eitlíochta a aithnítear ar fud an domhain agus atá iomaíoch go hidirnáisiúnta a fhorbairt. Cuireadh croí-fhoireann IASC le chéile le linn na bliana agus tá obair ar bun chun caidrimh a chruthú le cuideachtaí comhpháirtíochta idirnáisiúnta agus leis na príomh-oibreoirí sa tionscal aeraspáis domhanda.
Críoch


