Tacaíonn Grúpa na Sionainne le beagnach 50,000 post agus gineann sé na billiúin euro mar luach do gheilleagar na hÉireann atá ag fás Chun tionchar ár ngrúpa ar gheilleagar na hÉireann a thuiscint ina iomláine, d'oibríomar le W2 Consulting chun staidéar a dhéanamh, d'fhonn an rannchuidiú eacnamaíoch le hÉirinn a mheas. Fuarthas amach leis an taighde, mar gheall ar ár bpunann de ghníomhaíocht sna réimsí taistil, turasóireachta agus réadmhaoine, gur ceann de na spreagthóirí eacnamaíocha is mó in Éirinn sinne, agus is cúis bróid dúinn sin a thuairisciú. Sracfhéachaint ar na líonta Gintear €3.6 billiún mar OBL (Oll-Bhreisluach) gach bliain Tacaítear le níos mó ná 46,000 post Ranníoctar €1.1 billiún mar ioncam cánach leis an Státchiste. Cruthaítear níos mó ná 253,000 iostas oíche in óstáin Íoslódáil an Tuarascáil ar Thionchar Eacnamaíoch Ghrúpa na Sionainne anseo.